Chuala mé ceol ar ghaoithe an Gheimhridh,
Fonn binn beag álainn, go hard ins an speir,
Séirse is gáire, 's smaoinigh me ortsa
Binneas na Cruinne, a ghealóg mo chroí.
Cealóg do chéannacht, 's is geal í d'aigne,
'S is géire an tsúl a fheiceann fríd an cheo,
'S fearr ceobhrann scaití na géar-léargas gléineach
is amhlaidh an scéala do ghealóg mo chroí.
D'eitil tú siar, 's d'eitil tú soir,
Fríd scamaill, fríd shneachta 's an fharraige fhuar,
Leathnaigh an fhuacht ort a chúinigh do cheolsa
'S d'fhág tu an saol seo, a ghealóg mo chroí
Codlaigh a stóirín
Codlaigh a stóirín
Codlaigh a stóirín
Is casfaidh muid arís...
Óró, óró...
Comments (0)