Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil
Éirigh suas anois
Cuir ort do chulaith
Éadaigh uasail ghlain
Cuir ort do bhéabhar dubh
Tarraing do lámhainní umat
Siúd í in airde t'fhuip
Sin i do láir amuigh
Buail-se an bóthar caol úd soir
Mar a maolóidh romhat na toir
Mar a gcaolóidh romhat an sruth
Mar a n-umhlóidh romhat mná is fir...
Comments (0)